Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
A óige, tugadh ó Bhaile Átha Cliath é nuair a bhí sé 5 bliana d’aois agus tógadh i gCluain Báire é. Bhí a thuismitheoirí, Seán agus Síle Ó Gallchóir, iontach maith do. Tá cuimhne aige ar an lá a tugadh an Fhál Carraigh é. Shocair sé go breá agus chuaigh sé ar an scoil i Mín Doire, ní raibh Gaeilge ar bith aige agus Gaeilge uilig a bhí ar an scoil. Bhítí ag gáire faoi nuair a chluin siad an chanúint a bhí aige. San am sin thagadh veain thart ag tabhairt aráin dóibh. Tá na daoine a bhí ar an scoil leis scaipthe thart fríd an domhain anois. | 00:05:40 | |
Nuair a bhí sé thart ar 5 bliana d’aois, ghlac cúpla as Baile Átha Cliath, Fairbrothers, ar uchtú ó Dhílleachtacht Naomh Phádraig é. San am sin bhí an rialtas ag díol airgead sa tseachtain le daoine a d’uchtaíodh páistí ar feadh cúpla bliain sular mbíodh siad glactha go hiomlán. Bhí “adoption” agus ansin “transfer” dá mbíodh na daoine ag iarraidh an páiste a choinneáil. Tugadh go 14 Sráid Seambrach (Chamber Street) i mBaile Átha Cliath é. A chur síos ar an eispéireas. Bhí sé ansin tamall agus tugadh ar ais go Dílleachtacht Naomh Phádraig é. | 00:04:08 | |
Nuair a bhí sé 16 bliana d’aois, dár leis gur mhaith leis fáil amach c’áit ar tháinig sé as. I ndiaidh blianta ag fiosrú agus ag scríobh ag a chéile, casadh a mháthair fola air in Luimneach in 1968. Casadh ar a chéile iad in stáisiún traenach. D’inis sí do gur pósadh ar a athair í ach maraíodh thall in Londain é. Bhí deartháir eile, Tony, aige fosta. | 00:21:19 | |
In 1975 fuair a mháthair bás tobann. Tá lúcháir air gur casadh air í agus gur labhair sé léi. Tá a dheartháir pósta anois le teaghlach agus téann Seán síos go minic go Luimneach ar cuairt. Téann sé go Ciarraí fosta agus tugann sé cuairt ar a huaigh. Thug sé cuairt fosta ar an dílleachtacht i mBaile an Mhuilinn (Milltown), an áit a cuireadh isteach ann ar dtús é. | 00:08:03 | |
Fear a bhí sa cheantar as Seattle a dúirt gur as Contae an Chláir a dhaoine ó dhúchas. Chuaigh sé ag lorg eolais agus fuair sé amach go raibh an ceart aige. | 00:02:21 | |